← Chuir Caoilte a lámh i mbos a scéith agus thug amach trí chaoga unsa de dhearg-ór gur bhronn ar Phádraig é. 🔊✎
← Ansin bhidís ag cuimilt na n-alt agus a gcuislí go gcuiridís a dtuirse díobh agus chaithidís a bproinn ina dhiaidh sin". 🔊✎
← Bhí trí nithe as a ndéanadh gach fear a leaba. 🔊✎
← Ceithre choinníoll a bhí ar gach fear: Gan spré a ghlacadh le bean ach í a thógáil ar a dea-bhéasa agua ar a tréithe. 🔊
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎